У вашего броузера проблема в совместимости с HTML5
Bhí Craobhchomórtas Siansa Gael Linn 2013 ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta ar 14 Aibreán. Bhí Raidió na Gaeltachta i láthair, agus chraol muid an chraobh beo. Is í Áine Hensey a bhí ag láithriú, agus bhí aoi an-speisialta sa lucht féachana - an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn. Ba iad Nuada ón Rinn a thug leo an chéad duais, agus tháinig Frioscaí ó Ráth Éanna sa dara háit, agus Na Fataí Fánacha ó Choláistí Eoin & Íosagáin sa tríú háit. Beidh clár speisialta ar TG4 ag 10.30 pm ar 24 Aibreán faoin ócáid, ná cailligí é!
The Siansa Gael Linn Final took place in the NCH on Sunday 14 April. We were there, and broadcast it live. The winners on the night were Nuada from An Rinn in Waterford, Frioscaí from Raheny were in second place and Na Fataí Fánacha from Coláistí Eoin & Íosagáin came in 3rd. There will be a special TV programme about the event on TG4 at 10.30 pm on 24 April as well, don't miss it!